An bhfuil tú sa tóir ar dheiseanna gnó ar fud na hEorpa, ach go bhfuil sé deacair duit súil a choinneáil ar ghlaonna nua ar thairiscintí, thar lear nó sa bhaile?
Agus na céadta billiún euro á gcaitheamh ar chonarthaí poiblí gach bliain ag údaráis phoiblí ar fud an Aontais Eorpaigh, ní féidir dul sa seans go gcaillfidh do ghnólacht amach.
Cabhróidh Tenderlake na tairiscintí poiblí is fearr duitse a aimsiú.
Is féidir leat raon leathan gnéithe a chur in oiriúint duit féin, ina measc:
- foláirimh a fháil maidir le glaonna ar thairiscintí nua agus/nó cinn ábhartha
- an scéala is déanaí a fháil faoi cé atá ag gnóthú conarthaí i réimse do thionscail
- cabhair a fháil gach tionscadal agus gach spriocdháta atá agat a bhainistiú
- súil a choinneáil amach le haghaidh conarthaí atá ar na bacáin a bhféadfadh spéis a bheith agat iontu
- anailísiú a dhéanamh ar do shuíomh gréasáin agus ar d’ábhair mhargaíochta chun deiseanna ar chonarthaí ábhartha a mholadh duit
Cláraigh chun leagan trialach 14 lá a fháil.
Is i mBéarla atá Tenderlake.
Is í an aip seo a bhuaigh dúshlán EU Datathon 2018 "Soláthar poiblí an Aontais Eorpaigh – Breisluach do shaoránaigh, breisluach do ghnólachtaí"