![](/sites/default/files/ener_8_0_0_0.png)
Ní mór go mbeadh bonneagar nua-aimseartha fuinnimh ann más uainn go mbeidh margadh fuinnimh comhtháite agus soláthar slán againn, agus go mbeidh an tAontas Eorpach in ann a spriocanna ginearálta maidir le fuinneamh agus leis an aeráid a bhaint amach. Léirítear ar an léarscáil idirghníomhach seo faisnéis atá cothrom le dáta faoi shuíomh geografach gach ceann de na 195 croíthionscadail a bhaineann le hinfreastruchtúr an fhuinnimh ar a dtugtar Tionscadail Leasa Choitinn (TLCanna). In 2013 a foilsíodh an chéad liosta de na Tionscadail Leasa Choitinn. Déantar nuashonrú ar an liosta gach re bliain chun tionscadail nua a chur leis agus cinn atá imithe i léig a bhaint de. Baineann na tionscadail sin leis na líonraí leictreachais, gáis, ola agus eangacha cliste.