![](/sites/default/files/logo_1.png)
An raibh ort riamh am a chaitheamh ag treabhadh trí bhunachair shonraí dhlíthiúla sa tóir ar aon rialachán amháin ina mbeadh an freagra ar cheist áirithe faoin gcomhshaol? Más ea, is dócha go bhfuil a fhios agat faoi seo gur minic a bhíonn roinnt píosaí reachtaíochta ag baint le haon saincheist ar leith. Go hiondúil, bíonn ort raon leathan doiciméad a chur san áireamh chun aon cheist amháin a fhreagairt.
Cabhraíonn Treesk leat an cuardach sin a dhéanamh ar bhealach níos éasca agus níos éifeachtaí.
Is feidhmchlár dlí é Treesk atá ceaptha lena úsáid nuair a bhíonn mórobair le déanamh ar rialacháin chomhshaoil. Dlíodóirí ón bPolainn a chruthaigh an feidhmchlár le haghaidh daoine a bhíonn ag obair ar chásanna agus ar rialacháin comhshaoil – dlíodóirí, comhairleoirí agus lucht gnó mar shampla.
Murab ionann agus gnáth-bhunachar sonraí dlí, cuireann Treesk tacair de reachtaíocht na hEorpa agus na Polainne ar fáil duit atá réidh le húsáid agus a chumhdaíonn aon ábhar comhshaoil a d'fhéadfá smaoineamh air. Taispeántar ann ordlathas na ngníomhartha dlí, na lúba ar lár sa dlí, na réimsí forluí agus aon nithe atá ag teacht salach ar a chéile sa reachtaíocht. Taispeántar an t-eolas seo ar fad duit in aon fhuinneog amháin atá áisiúil don úsáideoir.
Le Treesk, is féidir leat cuardach a dhéanamh ar na foinsí go léir den fhaisnéis dhlíthiúil faoin gcomhshaol atá ar fail go poiblí, ar leibhéal na Polainne nó ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. I measc na bhfoinsí sin tá EUR-Lex; Curia, bunachar sonraí an Chúirt Bhreithiúnais Eorpaigh de chásdlí an Aontais Eorpaigh; beartais agus ábhair neamhcheangailteacha ó Ard-Stiúrthóireacht Comhshaoil an Choimisiúin Eorpaigh; agus tuarascálacha agus ábhair atá scríofa agus foilsithe ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil.
Ar deireadh, tá bunachar sonraí dlí de chás-staidéir faoin gcomhshaol san fheidhmchlár agus táthar ag cur leis an mbunachar sin i rith an ama.
Níl ach leagan Polainnise den aip ar fáil. Is féidir leat clárú le haghaidh réamhamharc 12 uair an chloig saor in aisce.