Leis an uirlis le haghaidh amharcléiriú idirghníomhach ar shonraí "Treochtaí eacnamaíocha" is féidir le gach úsáideoir, bíodh sé ina thosaitheoir nó ina úsáideoir gairmiúil, achoimre ghearr shimplí a fháil ar fhorbairt ocht bpríomhtháscairí eacnamaíocha.
Má roghnaíonn tú táscaire agus tír (nó comhiomlán an Aontais/ limistéar an Euro) beidh treocht an táscaire le 12 mhí anuas ar taispeáint i bhfoirm graif. Ina theannta sin, is féidir comhiomlán an Aontais/ limistéar an Euro a chur leis an ngraf ar mhaithe le comparáid. I gcás roinnt de na táscairí is féidir babhtáil a dhéanamh idir na haonaid.
Maidir le boilsciú, mar shampla, is féidir rogha a dhéanamh idir "an t-athrú i gcomparáid leis an mí chéanna an bhliain roimhe sin" agus "an t-athrú i gcomparáid leis an mí roimhe sin". Díreach faoin ngraf, is féidir sainmhíniú ar an táscaire a fháil (féach cnaipe "i") agus má chliceálann tú ar "+ More information" is féidir rochtain a fháil ar an tacar sonraí foinse.
Tá an aip le fáil i dtrí theanga: Béarla, Fraincis agus Gearmáinis.
Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Data Source
Eurostat
Subject
Dífhostaíocht
Boilsciú
Táirgeacht thionsclaíoch
Easnamh/barrachas rialtais
Fiachas rialtais
Costas saothair
OTI (Olltáirgeacht intíre)
OTI in aghaidh an duine
Functionality
Comparative results
Data visualisation
Statistics
Link to application