Youthmetre | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Youthmetre

An ionann na deiseanna sa saol a bhíonn ag daoine óga ar fud na hEorpa? Cad é beartas an Aontais don óige, agus cén tionchar atá á imirt aige? Cad iad na tionscnaimh don óige is fearr atá ag cruthú san Eoraip?

Chun an freagra a fháil ar na ceisteanna sin, agus ar go leor eile nach iad, ní gá ach dul chuig Youthmetre.eu. Is tionscadal é sin a bhfuil sé d'aidhm aige daoine óga agus lucht déanta beartas a thabhairt le chéile.

Cuirtear sonraí faoi bheartas an Aontais don óige le chéile le sonraí náisiúnta a bhaineann le roinnt ceisteanna éagsúla a bhfuil tionchar acu ar dhaoine óga (m.sh. oideachas, fostaíocht, sláinte agus cuimsiú sóisialta) chun léarscáil idirghníomhach a chruthú, ar a dtaispeántar difríochtaí ar Innéacs Forbartha na hÓige i réigiúin éagsúla den Aontas: i bhfocail eile, cé chomh maith agus atá ag éirí leis na réigiúin éagsúla freastal ar na riachtanais atá ag daoine óga. Ar an léarscáil, cuirtear spotsolas freisin ar roinnt de na tionscnaimh is fearr atá ag díriú ar na ceisteanna sin, agus tá painéal sonraí ann freisin a thaispeánann an fheidhmíocht i láthair na huaire i gcodanna éagsúla den Eoraip.

Ar deireadh, tá sraith acmhainní curtha ar fáil faoin tionscadal Youthmetre. Ina measc, tá bosca uirlisí ar líne agus cúrsa oscailte Moodle, atá deartha chun daoine óga a chumhachtú agus cabhrú leo ról gníomhach a ghlacadh i mbeartas an Aontais don óige. Is féidir gach rud a rochtain, a úsáid ar líne nó a íoslódáil saor in aisce.

Mar sin, má tá tú faoi bhun 30 bliain d’aois agus más mian leat go gcloisfí do ghuth sa phróiseas déanta beartas, nó más sine ná sin thú ach gur mhaith leat eolas a fháil faoina bhfuil ar siúl ag an Aontas Eorpach ar son daoine óga, bain triail as Youthmetre.

Is i mBéarla atá an aip seo.

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Author
Youthmetre
Data Source
EU Youth Report
Ard-Stiúrthóireacht an Oideachais agus an Chultúir
Eurostat
Parlaimint na hEorpa
Subject
Rannpháirtíocht an aosa óig
Beartas an AE
Functionality
Data visualisation
Information analysis
Application from EU / Third party
Third party
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article