Cásanna Úsáide | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Cásanna Úsáide

910 toradh faighte
Skip results of view Cásanna Úsáide

Atlas Fharraigí na hEorpa

A bhuí le hAtlas Fharraigí na hEorpa, is féidir le mic léinn, daoine gairmiúla agus iad siúd a bhfuil suim acu foghlaim ar bhealach furasta taitneamhach faoi fharraigí agus cóstaí na hEorpa, a dtimpeallacht, gníomhaíochtaí an duine a bhaineann leis an bhfarraige agus faoi bheartais Eorpacha a imríonn tionchar uirthi. Tá sé iomasach agus éasca le húsáid. Tá an t-eolas leagtha amach de réir téama. Is féidir leat bogadh thart sa léarscáil ach gliogáil, zúmáil agus peanáil.

CubeViz

Is cuardach ilghnéitheach sonraí staidrimh é CubeViz a úsáideann foclóir RDF Data Cube, an modh is nua-aimseartha le sonraí staidrimh a léiriú in RDF agus atá comhoiriúnach le SDMX. Gineann CubeViz giuirléid ghrafach ag a bhfuil feidhmeanna scagtha idirghníomhacha. Is féidir CubeViz a úsáid chun amharc ar aon tacar sonraí atá léirithe in RDF le foclóir RDF Data Cube.

Feidhmchlár SemMap

Leis an bhfeidhmchlár SemMap (brabhsálaí ilghnéitheach sonraí) is féidir cuardach ilghnéitheach a dhéanamh ar thacair shonraí RDF agus táblaí sonraí a chruthú go hidirghníomhach. Is féidir aonaid gheografacha, m.sh. cathracha nó tíortha, a thaispeáint ar léarscáil agus iad a scagadh. Oibríonn an scagadh sin freisin i gcás sonraí a bhfuil baint indíreach le geografaíocht acu, m.sh. daoine agus eagraíochtaí, má rinneadh a seoltaí comhfhreagracha a chódú go geografach.

An tInnéacs Comhionannais Inscne

Is uirlis tomhais ilghnéitheach é an Scála Comhionannais Inscne (Gender Equality Index). Léiríonn sé cé chomh fada nó cé chomh gar is a bhí gach Ballstát ón sprioc comhionannas inscne a bhaint amach in 2010. Ar bhonn idirghníomhach léirítear an difríocht idir na léibhéil dul chun cinn idir mná agus fir i réimsí éagsúla den saol eacnamaíoch agus sóisialta. Mar shampla, má roghnaítear réimse an eolais is féidir an difríocht sna leibhéil oideachais agus oiliúna idir mná agus fir a fheiceáil i ngach Ballstát san AE.

An Córas Eorpach Faisnéise faoi Dhóiteáin Foraoise

Tugann an Córas Eorpach Faisnéise faoi Dhóiteáin Foraoise (EFFIS) tacaíocht do na seirbhísí cosanta dóiteáin foraoise san AE agus cuireann sé faisnéis iontaofa nuashonraithe ar fáil don Choimisiún Eorpach agus do Pharlaimint na hEorpa i dtaobh dóiteán fiathalún san Eoraip. Is féidir amharc ar an bhfaisnéis is úrnua atá ar fáil faoin séasúr reatha dóiteáin san Eoraip agus i limistéar na Meánmhara.

Amharcóir Léarscáileanna an Lárionaid Eorpaigh um Shonraí Foraoiseachta (EFDAC)

Is feidhmchlár saincheaptha léarscáileanna gréasáin é Amharcóir Léarscáileanna EFDAC a ligeann d’úsáideoirí léarscáileanna agus tacair shonraí gheografacha dhíorthaithe atá ar fáil ag an EFDAC a fheiceáil ar scáileán, a nascleanúint agus a chuardach. Ina measc sin tá léarscáileanna de chumhdach foraoise, léarscáileanna de dháileadh agus d’oiriúnacht speiceas, faisnéis ar phatrúin fhoraoise, ar dhálaí foraoise agus ar acmhainní foraoise. (e.g. limistéar foraoise agus fás stoic).

Scórchlár an Chláir Oibre Dhigitigh

Tugann an feidhmchlár gréasáin seo an deis duit graif a chruthú go hidirghníomhach leis na sonraí atá uait a fheiceáil. Roghnaíodh isteach is amach ar chéad táscaire agus dealaíodh iad i mbearta de réir téama, bearta a léiríonn roinnt príomhghnéithe a bhaineann leis an tsochaí faisnéise san Eoraip. Is féidir feidhm a bhaint as na táscairí sin leis an dul chun cinn i leith spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh a mheas, an dul chun cinn i raon de thíortha i dtréimhse ama a chur i gcomórtas lena chéile, nó próifíl tíre ar leith a mhionscrúdú.

Léarscáil idirghníomhach de na limistéir Eorpacha faoi chosaint faoi Natura 2000

Is gréasán éiceolaíoch de limistéir faoi chosaint é Natura 2000 a bunaíodh lena chinntiú go mairfeadh na speicis agus na gnáthóga is luachmhaire san Eoraip a fhad agus is féidir. Tá Natura 2000 bunaithe ar an Treoir maidir le hÉin, 1979 agus an Treoir maidir le Gnáthóga, 1992. An bonneagar éiceolaíoch a chruthaítear faoin scéim sin, tugann sé cosaint do go leor seirbhísí san éiceachóras agus cinntíonn sé go bhfuil córais dúlra na hEorpa folláin agus buanseasmhach.

Próifílí Tíre Eurostat

Cuimsíonn na Próifílí Tíre réimse leathan de tháscairí tíre ardspéise. Ina measc tá daonra agus coinníollacha maireachtála, saothar, sláinte agus sábháilteacht, oideachas, an geilleagar agus airgeadas, faisnéis ghnó, an comhshaol, fuinneamh, agus an tsochaí faisnéise. Is é a thaispeántar sa Phróifíl Tíre príomhtháscairí éagsúla do gach téama atá roghnaithe (e.g. táscairí an euro) agus do gach tír atá roghnaithe. Tugtar tábla iomlán duit sa Phróifíl Tíre, i gcás gach táscaire ar leith, maille le graif agus léarscáileanna idirghníomhacha.

Amharcóir sonraí cuntas talún 2000-2006

Is é is aidhm do chuntais chumhdaigh talún an tslí a athraíonn stoic de chumhdaigh talún éagsúla le himeacht aimsire a thuiscint. Tugann an t-amharcóir seo an deis duit staidreamh cumhdaigh talún a dhíorthaítear ó mhodheolaíocht fheidhmeach le haghaidh cuntas talún a fheiceáil ar an scáileán nó a íoslódáil.