InnovisitePDF
Visualisation of geospatial data from various sources.
Plume LabsPDF
Finding air quality and weather details of cities around the world.
Méar ar eolas faoi gheilleagar na hEorpa
Leis an aip "Geilleagar AE" gheobhaidh tú rochtain trí do ghléas móibíleach ar na táscairí maicreacnamaíocha gearrthéarmacha is tabhachtaí (na Príomhtháscairí Eacnamaíocha Eorpacha) don limistéar euro, don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit. Tá an aip le fáil i dtrí theanga: Béarla, Fraincis agus Gearmáinis. Leis an bhfeidhm nuashonraithe atá aici is féidir na sonraí is úire a íoslódáil ó bhunachar sonraí Eurostat.
Mo thír féin i mbolgán
An bhfuil spéis agat do thír a chur i gcomparáid le tíortha eile san Eoraip agus na difríochtaí a fheiceáil in aon spléachadh amháin? Is é "Mo thír féin i mbolgán" an feidhmchlár atá le ceadú mar sin! Leis an bhfeidhmchlár spraíúil seo is féidir leat sonraí Bhallstáit an Aontais agus tíortha CSTE a chur i gcomparáid maidir le 50 táscaire nó mar sin. Tá na táscairí leagtha amach ina ngrúpaí de réir na dtéamaí seo a leanas: An Geilleagar agus airgeadaíocht; Daonra agus dálaí sóisialta; Tionsclaíocht, trádáil agus seirbhísí; Talmhaíocht agus iascach; Trádáil idirnáisiúnta; Iompar; An comhshaol
Treochtaí eacnamaíocha
Leis an uirlis le haghaidh amharcléiriú idirghníomhach ar shonraí "Treochtaí eacnamaíocha" is féidir le gach úsáideoir, bíodh sé ina thosaitheoir nó ina úsáideoir gairmiúil, achoimre ghearr shimplí a fháil ar fhorbairt ocht bpríomhtháscairí eacnamaíocha. Má roghnaíonn tú táscaire agus tír (nó comhiomlán an Aontais/ limistéar an Euro) beidh treocht an táscaire le 12 mhí anuas ar taispeáint i bhfoirm graif. Ina theannta sin, is féidir comhiomlán an Aontais/ limistéar an Euro a chur leis an ngraf ar mhaithe le comparáid. I gcás roinnt de na táscairí is féidir babhtáil a dhéanamh idir na haonaid
Cáilíocht na beatha
Is é atá in "Cáilíocht na beatha" uirlis lena bhfaighidh tú léargas ar ghnéithe de cháilíocht na beatha i do thír féin agus lenar féidir leat tú féin a chur i gcomparáid le comhshaoránaigh i do thír féin agus i mBallstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus leis an meán san Aontas. Tar éis duit tír a roghnú, is féidir leat gné amháin de cháilíocht na beatha a phiocadh amach. De ghnáth, bíonn dhá tháscaire éagsúla ann a bhaineann leis an ngné sin. I bhformhór na gcásanna, is féidir eolas a fháil ar leibhéil sástachta daoine aonair faoi tháscaire amháin agus cuirtear eolas oibiachtúil ar an
Young Europeans
Is é atá in "Young Europeans" uirlis atá ceaptha do dhaoine óga idir 16-29 mbliana. Leis an uirlis seo is féidir tú féin a chur i gcomparáid le fir óga agus mná óga i do thír féin. Tá sí ceaptha lena húsáid ag tuismitheoirí, lucht déanta cinntí, polaiteoirí, múinteoirí etc. ar mhaith leo tuilleadh a fhoghlaim faoin nglúin óg san Eoraip. In "Eorpaigh Óga" tá ceisteanna faoi cheithre théama éagsúla a bhaineann le saol dhaoine óga na hEorpa: mé féin agus mo mhuintir, mé féin agus mo chuid oibre, mé féin agus mo chuid caitheamh aimsire agus staidéir, agus mé féin agus an t-idirlíon. Sula dtosaíonn
Clár na nIonadaithe Leasa (EU Lobby Register)
Is féidir úsáid a bhaint as aip Chlár na nIonadaithe Leasa chun eagraíochtaí atá cláraithe agus na buiséid atá leithdháilte orthu a chur i gcomparáid. Úsáideann an aip sonraí as Clár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh. Ar mhaithe le buiséid a chur i gcomparáid, baineann an aip úsáid as na sonraí maidir le costais atá curtha ar fáil ag na heagraíochtaí cláraithe nó, mura bhfuil na sonraí sin ar fáil, roghnaítear lárphointe raon an bhuiséid. Déantar na sonraí a thabhairt cothrom le dáta go rialta leis an bhfaisnéis is déanaí ón gCoimisiún Eorpach. Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé tarlú, ar
EU AID EXPLORER
Is iad tíortha an Aontais Eorpaigh le chéile an deontóir cúnaimh is mó ar domhan agus cuireann siad breis agus €50 billiún sa bhliain ar fáil chun cuidiú leis an mbochtaineacht a shárú agus chun forbairt dhomhanda a chur ar aghaidh. Tá an tAontas tiomanta na cistí seo a chaitheamh ar an mbealach is éifeachtúla is féidir agus bheith cuntasach do shaoránaigh an Aontais. Is féidir teacht go furasta in EU AID EXPLORER ar shonraí iomlána cruinne maidir le gníomhaíochtaí deontóirí ar fud an domhain. Nuair a bhíonn rochtain éasca acu ar fhaisnéis, bíonn tíortha, tairbhithe, saoránaigh agus
EU Budget for Results (Buiséad an Aontais Eorpaigh le haghaidh Torthaí) - Díolaim de thionscadail a mhaoiníonn an tAontas Eorpach
Thart ar 1% den mhaoin a ghintear gach bliain i ngeilleagair an Aontais Eorpaigh a bhíonn i mbuiséad an Aontais agus úsáidtear é chun tionscadail a mhaoiniú nach bhféadfadh na Ballstáit a mhaoiniú iad féin. Chun cuidiú leis na saoránaigh tuiscint níos fearr a bheith acu ar conas a théann maoiniú ón Aontas chun sochair dóibh, cuireadh tiomsú de níos mó ná 500 tionscadal de chuid an Aontais isteach san aip 'EU Budget for Results'. Baineann na tionscadail sin leis an iomad ábhar éagsúil amhail an fhostaíocht, an fhorbairt réigiúnach, an taighde agus an t-oideachas. Beidh an aip le fáil i mBéarla