Cásanna Úsáide | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Cásanna Úsáide

910 toradh faighte
Skip results of view Cásanna Úsáide

EU Risk Dashboard (Clár Rioscaí an Aontais Eorpaigh)

Is éard atá i gClár Rioscaí an Aontais Eorpaigh aip a dhear OpenRisk chun cuidiú le daoine an líon mór táscairí eacnamaíocha a fhoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach ina Statistical Data Warehouse (Stóras de Shonraí Staidrimh) a chuardach agus a thuiscint. Díorthaítear sonraí na haipe ó na hamshraitheanna atá le fáil sa stóras. Léimh mhíosúla is ea an chuid is mó de na léimh sna sraitheanna atá roghnaithe faoi láthair; nuashonraítear iad go huathoibríoch nuair a thagann léimh nua chun cinn sa stóras.

Tagarmharcáil a dhéanamh ar Struchtúir Réigiúnacha

D'fhonn straitéisí stuama nuálaíochta don speisialtóireacht chliste a bhunú ar an leibhéal réigiúnach tá sé an tábhachtach deiseanna a aithint chun ceachtanna ó thaobh beartais de a fhoghlaim agus chun cleachtais a aistriú ó réigiúin eile. Ach cad iad na réigiúin ar cheart a chur san áireamh mar réigiúin thagartha? Conas is féidir linn iad a aithint? Is ceisteanna bunúsacha iad seo, atá mar thúsphointe le haon phróiseas foghlama beartais nó tagarmharcála. Is réigiúin tagartha iad réigiúin a bhfuil na dálaí struchtúracha don fhorbairt atá bunaithe ar an nuálaíocht cosúil le chéile iontu. Sé sin

ATLAS SÁBHÁILTEACHTA BÓITHRE

Is é rud é an tAtlas Sábháilteachta Bóithre amharcóir léarscáileanna an Choimisiúin Eorpaigh ar thimpistí bóthair san Eoraip. Tugann an tAtlas Sábháilteachta Bóithre staitisticí faoi thimpistí i ngach tír san Eoraip. Chuige sin, úsáidtear léarscáileanna idirghníomhacha agus íomhánna satailíte. Forbraíodh an tAtlas chun cur le heolas an phobail ar bheartas sábháilteachta bóithre na hEorpa. Tá an tAtlas in oiriúint do gach gléas ríomhaire (ríomhaire deisce, ríomhaire glúine, táibléad agus fón cliste). Is as an mbunachar sonraí CARE, bunachar de thimpistí bóthair an Aontais Eorpaigh, a thagann an

Eye@RIS3

Seo uirlis a bhailíonn agus a thaispeánann ar bhealach grafach na tosaíochtaí nuálaíochta atá ag beagnach gach stát agus réigiún san Aontas Eorpach agus ag tíortha thart timpeall air. Léiríonn sí treochtaí na margaí agus déanann sí comhoibriú a éascú. Is iad lucht déanta beartais atá páirteach san ardán/líonra a dhéanann na sonraí a bhailíochtú. Is féidir cuardach a dhéanamh ar Eye@RIS3 le gach ceann de na catagóirí roghnaithe, nó roinnt acu, agus téacs saor a chuardach laistigh de na tuairiscí chomh maith. Is féidir leat cuardach a dhéanamh ar réigiún ar leith agus ar thosaíochtaí náisiúnta

Suirbhéanna ar chaighdeán saoil

Cuireann taiscéalaí sonraí Eurofound torthaí na suirbhéanna a dhéanann sí ar fud na hEorpa ar fáil go héasca. Leis an uirlis ilteangach idirghníomhach sin beidh tú in ann sonraí a chuardach ar leibhéal ceiste ar leith, tuarascálacha ón Eoraip ar fad a chuardach agus comparáidí a dhéanamh, nó scrúdú grinn a dhéanamh ar thorthaí tíre ar leith. Is féidir sonraí a léirshamhlú ar an iliomad bealach, lena n áirítear léarscáil Eorpacha, barrachairteacha náisiúnta agus Eorpacha agus grúpaí tíortha grafaiceacha. Is féidir léirshamhluithe agus sonraí a roinnt ar líne nó a íoslódáil i bhformáidí éagsúla, formáidí ardtaifigh san áireamh.

Margáil faoi phá agus torthaí ó 1999

Is comhéadan furasta a úsáid an taiscéalaí sonraí faoi chómhargáil maidir le pá don lear mór faisnéise cainníochtúla agus cáilíochtúla atá ag Eurofound. Tá faisnéis ann faoi imeachtaí cómhargála maidir le pá san Aontas ó 1999 ar aghaidh agus faoi shonraí ábhartha eile, lena n áirítear gnéithe na gcóras margála pá a bhí in úsáid. I dteannta le comhaontuithe agus athruithe i bpá comhaontaithe a thaispeáint, tugann amlíne idirghníomhach na mórimeachtaí naisc le hailt iomlána ar shuíomh gréasáin Eurofound.

Taiscéalaí sonraí ón suirbhé faoi dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha agus trasinscneacha san Aontas Eorpach

Tríd an taiscéalaí sonraí seo is féidir rochtain a fháil ar thorthaí an tsuirbhé agus is féidir freagraí a scagadh de réir catagóirí éagsúla freagróirí amhail aois, claonadh gnéis agus tír chónaithe. Foislíodh torthaí an tsuirbhé i mBealtaine 2013 agus fianaise luachmhar atá iontu ar an idirdhealú, foréigean agus ciapadh a fhulaingíonn daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha agus trasinscneacha (LADT) de dheasca leatroim i réimsí éagsúla den saol - fostaíocht, oideachas, cúram sláinte, tithíocht agus seirbhísí eile san áireamh.

Tionscadail Leasa Choitinn — Léarscáil Idirghníomhach

Ní mór go mbeadh bonneagar nua-aimseartha fuinnimh ann más uainn go mbeidh margadh fuinnimh comhtháite agus soláthar slán againn, agus go mbeidh an tAontas Eorpach in ann a spriocanna ginearálta maidir le fuinneamh agus leis an aeráid a bhaint amach. Léirítear ar an léarscáil idirghníomhach seo faisnéis atá cothrom le dáta faoi shuíomh geografach gach ceann de na 195 croíthionscadail a bhaineann le hinfreastruchtúr an fhuinnimh ar a dtugtar Tionscadail Leasa Choitinn (TLCanna). In 2013 a foilsíodh an chéad liosta de na Tionscadail Leasa Choitinn. Déantar nuashonrú ar an liosta gach re bliain

Bonneagar Sonraí Tagartha agus Seirbhísí do Réigiún na Danóibe (DRDSI)

Tá tionscnamh á chomhordú ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) sa Choimisiún Eorpach ar mhaithe le tacaíocht eolaíoch a thabhairt do Straitéis an Aontais Eorpaigh do Réigiún na Danóibe (EUSDR); táthar á dhéanamh sin i ndlúthchomhar le príomh-chomhpháirtithe i réimse na heolaíochta agus san earnáil phoiblí. Chun an tionscnamh seo a bhunú bheadh gá le pointe amháin rochtana ar shonraí comhchuibhithe as raon leathan ábhar.

Clár na nInstitiúidí Creidmheasa

An tÚdarás Baincéireachta Eorpach a chuir an Clár atá ann faoi láthair ar bun ar bhonn an eolais a chuir na Ballstáit ar fáil agus ar an mbonn sin amháin. Dá bhrí sin, murab ionann is cláir institiúidí creidmheasa eile a choinnítear ar leibhéal náisiúnta, níl aon tábhacht dhlíthiúil aige agus ní thugann sé aon chearta dlíthiúla. Má tá aon institiúid neamhúdaraithe curtha sa Chlár gan chuimhneamh, ní athraíonn sé sin a stádas dlíthiúil ar bhealach ar bith; ar an gcaoi chéanna, má tá institiúid fágtha ar lár ón gClár, ní athraíonn sé sin bailíocht a údaraithe ar bhealach ar bith.