Ingredio - aimsigh na comhábhair chontúirteacha atá i mbia agus i gcosmaidí! | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Ingredio - aimsigh na comhábhair chontúirteacha atá i mbia agus i gcosmaidí!

Úsáidtear 13 000 ceimiceán éagsúil mar bhreiseáin i gcosmaidí agus i dtáirgí bia. Ar an drochuair, is féidir le go leor acu tionchar nach beag a imirt ar shláinte an duine, cé go bhfuil siad faofa lena n-úsáid ag an duine.
Ar mhaith leat comhábhair na dtáirgí is fearr leat a sheiceáil ó thaobh sábháilteachta de? Cuir ceist ar Ingredio, mar sin.

Is aip mhóibíleach é Ingredio a insíonn duit faoi na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith i mbia agus i gcosmaidí.
Níl le déanamh agat ach fón póca a úsáid le grianghraf a ghlacadh de chomhábhair an bhia nó den táirge cosmaidigh. Athróidh an aip an íomhá go téacs agus inseoidh sé duit an bhfuil aon cheann de na comhábhair contúirteach nó ailléirgineach (de réir bhunachar sonraí CosIng an Choimisiúin Eorpaigh agus foinsí eile).

A fhad is atá na comhábhair liostaithe i mBéarla, is féidir leat an aip seo a úsáid pé áit a bhfuil tú, agus le haon táirge. Úsáidtear heicseagán, ar a bhfuil raon dathanna ó ghlas go dearg, le sábháilteacht an táirge a léiriú. Feicfidh tú na comhábhair a bhfuil fadhbanna ag baint leo, agus cúiseanna na bhfadhbanna sin.

Tá sé in am cinntí eolasacha a dhéanamh faoin méid a cheannaímid! Féach ar na táirgí atá agat sa bhaile – agus smaoinigh ar Ingredio a úsáid an chéad uair eile a dhéanfaidh tú do chuid siopadóireachta.

Eisíodh an aip i mí Feabhra 2017 agus is leagan beta atá ar fáil go fóill (do ghléasanna Android), ach tá sé an-úsáideach cheana féin agus éasca le húsáid.

Publication Date
Nature
Feidhmchlár
Charge
SAOR IN AISCE
Author
Ingredio
Data Source
Cosmetic ingredient database (Cosing)
Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide
Subject
Sláinte
Functionality
Data visualisation
Database
Application from EU / Third party
Third party
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article