![](/sites/default/files/EMIS_A_CHLA_08_2007_0.png)
Nuair a chuimhnítear air go bhfuil imeallbhord na hEorpa thart ar 185 000 km ar fad ní hionadh gur imir farraigí na hEorpa a ról mórthábhachta féin i dtaca le geografaíocht eacnamaíoch agus chultúrtha na náisiún atá in aice leo. Sa lá atá inniu ann, is í an eolaíocht is bonn leis an tuiscint atá againn ar fharraigí na hEorpa agus baintear úsáid as an eolas sin chun iad a chosaint.
Cuirtear eolas ar fáil ar shuíomh gréasáin Chóras Faisnéise an Chomhshaoil Mhuirí maidir leis an gcaoi a n-oibríonn farraigí réigiúnacha na hEorpa le hathróga bitheolaíocha agus fisiciúla a ghintear le samhlacha hidridinimiciúla agus cianbhraiteacht satailíte.
Is féidir le húsáideoirí teacht ar fhaisnéis mhuirí spásúil agus ar tháscairí comhshaoil go héasca chun léarscáileanna a cheapadh agus bunmheasúnuithe réigiúnacha a dhéanamh.