Tagarmharcáil a dhéanamh ar Struchtúir Réigiúnacha | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Tagarmharcáil a dhéanamh ar Struchtúir Réigiúnacha

D'fhonn straitéisí stuama nuálaíochta don speisialtóireacht chliste a bhunú ar an leibhéal réigiúnach tá sé an tábhachtach deiseanna a aithint chun ceachtanna ó thaobh beartais de a fhoghlaim agus chun cleachtais a aistriú ó réigiúin eile. Ach cad iad na réigiúin ar cheart a chur san áireamh mar réigiúin thagartha? Conas is féidir linn iad a aithint? Is ceisteanna bunúsacha iad seo, atá mar thúsphointe le haon phróiseas foghlama beartais nó tagarmharcála.
Is réigiúin tagartha iad réigiúin a bhfuil na dálaí struchtúracha don fhorbairt atá bunaithe ar an nuálaíocht cosúil le chéile iontu. Sé sin le rá, tá tréithe acu nach féidir a athrú go héasca sa ghearrthéarma, tréithe ar léiríodh go mbeidh tionchar acu ar an gcaoi a thugtar faoin nuálaíocht agus dul chun cinn eacnamaíochta i réigiúin. Ach féachaint ar réigiúin a bhfuil struchtúir chosúla iontu – ó thaobh tréithe sóisialta, teicneolaíochta, institiúideacha agus tíreolaíochta de – bíonn sé níos éasca tuiscint a fháil ar na beartais agus cleachtais ar féidir iad a aistriú go héifeachtach agus ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu ar réigiún eile atá cosúil. Dar ndóigh, is féidir le réigiúin atá cosúil le chéile ó thaobh struchtúr de a bheith níos fearr nó níos measa ná a chéile i dtéarmaí feidhmíochta, rath eacnamaíochta agus torthaí nuálaíochta. Ní bhíonn an chomparáid bunaithe ar an bhfeidhmíocht agus níl sé mar aidhm leis ach oiread na réigiúin is fearr ó thaobh na feidhmíochta de a roghnú mar phiaraí. Is é atá i gceist ná (i) go bhfuil an seans is mó ann go mbeidh foghlaim beartais éifeachtach má tá do chuid piaraí cosúil leat féin, agus sa chás sin amháin, agus (ii) gur féidir leis an dá réigiún foghlaim ó rath agus ó theipeanna a chéile, ar an gcoinníoll go bhfuil na piaraí sách cosúil leat.
Déantar an chosúlacht struchtúrach a mheas bunaithe ar 42 athróg, a chuimsíonn tréithe sochdhéimeagrafacha, struchtúr na n earnálacha, speisialtóireacht theicneolaíoch, oscailteacht eacnamaíoch agus naisc le réigiúin eile, méid na ngnólachtaí, cineál agus caighdeán na n institiúidí, an dearcadh sóisialta agus fiontraíochta agus caipiteal daonna. Cuirtear na hathróga le chéile ina innéacs sintéiseach a thugann toise ar leith ar an "fad" struchtúrach idir réigiúin.
Taispeánann an uirlis idirghníomhach liosta de réigiúin atá sórtáilte in ord íslitheach, ó na cinn is cosúla (ar barr) go dtí na cinn is éagosúla (ar bun) le réigiún ar leith eile a roghnaíodh. Tá an t ord bunaithe ar an innéacs den fhad struchtúrach (luach níos ísle=struchtúir níos cosúla leis an réigiún atá roghnaithe).

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Author
An tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC)
Alexander Kleibrink
Carlo Gianelle
Data Source
Eurostat
Ard-Stiúrthóireacht REGIO
ESPON
an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta
Fraunhofer ISI
Orkestra
BAK Basel Economics
Quality of Government Institute
an Suirbhé Sóisialta Eorpach
Subject
córais nuálaíochta
Táblaí ina léirítear na réigiúin is cosúla
Functionality
Comparative results
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article