Arquivo.pt – cartlann ar líne na dtionscadal taighde agus forbartha | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Arquivo.pt – cartlann ar líne na dtionscadal taighde agus forbartha

Gach lá, foilsítear eolas nua ar líne, ó phostálacha blag go tionscadail taighde a fhaigheann maoiniú ón Aontas. Ach is meán gearrshaolach é an t-idirlíon.

Mar shampla, faoi 2015 ní raibh ach 7% de shuíomhanna gréasáin na dtionscadal a bhí bainteach leis an gceathrú creatchlár (FP4, 1994-1998) fós beo ar líne.

Ar shuíomhanna gréasáin taighde agus forbartha, is féidir teacht ar eolas nach mbíonn le fáil in aon áit eile, mar shampla

  • bogearraí a úsáidtear i dturgnaimh
  • tacair sonraí tástála
  • doiciméid nach mbíonn teacht orthu i réimsí foilsitheoireachta acadúla ná tráchtála
  • nuacht
  • ábhar atá le scaipeadh.

Nuair a chuirtear suíomhanna gréasáin den sórt sin as feidhm, laghdaítear stór eolais an duine.

Conas is féidir linn sin a sheachaint? Is é cartlannú gréasáin an freagra.

Cuireann Arquivo.pt, atá á reáchtáil ag Fondúireacht na Portaingéile um Eolaíocht agus Teicneolaíocht, eolas acadúil agus eolaíoch ar fáil ar líne, rud a fhágann go bhfuiltear in ann tionscadail taighde agus forbartha a rinneadh cheana a bhrabhsáil go héasca. 

Déanann sé suíomhanna gréasáin tionscadal taighde agus forbartha a aithint go huathoibríoch agus bailíonn sé an t-ábhar atá orthu. Tá 52 mhilliún comhad ó thionscadail taighde agus forbartha, a maoiníodh ó bhí FP4 ann, sábháilte ag Arquivo.pt cheana féin. Bailíodh na comhaid ó nach mór 54,000 suíomh gréasáin, agus tá an líon sin ag méadú i gcónaí.

Tá na tacair sonraí le haghaidh FP4, FP5, FP6 agus FP7 anois ar fáil don phobal, ionas gur féidir le heagraíochtaí eile ar mian leo an oidhreacht dhigiteach seo a chaomhnú iad a fheabhsú agus a athúsáid.

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Author
Fundação para a Ciência e a Tecnologia: Arquivo.pt
Data Source
CORDIS
Subject
Taighde agus Forbairt
Caomhnú digiteach
Cartlannú gréasáin
Functionality
Comparative results
Database
Timeline
Application from EU / Third party
Third party
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article

Images in this article

Download images