Open Food Facts – Bunachar sonraí comhoibríoch oscailte de tháirgí bia ó gach cearn den domhan | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Open Food Facts – Bunachar sonraí comhoibríoch oscailte de tháirgí bia ó gach cearn den domhan

An bhfuil eolas faoi bhia uait? An suim leat luach cothaitheach an bhia a chaitheann tú?

Is éard atá in Open Food Facts bunachar sonraí ilteangach de tháirgí bia, ina stóráiltear sonraí faoi chomhábhair, ailléirginí, luachanna cothaitheacha agus na blúiríní eile eolais a bhíonn le feiceáil ar lipéid táirgí bia.

Ina theannta sin, déantar rangú ann ar luach cothaitheach gach táirge, agus cuirtear sin i gcomparáid leis an meánluach cothaitheach atá ag bianna eile den chatagóir chéanna. Cuireann sin le feasacht daoine i leith bia. Níl le déanamh agat ach ainm an táirge is suim leat a chuardach, agus tiocfaidh tú ar gach eolas ina thaobh.

Is féidir, freisin, táirgí a fhiosrú agus a chur i gcomparáid de réir critéar ar nós branda, catagóire, lipéid, áit tionscnaimh na gcomhábhar. An mian leat a fhios a bheith agat cé na gránaigh bhricfeasta ina bhfuil an méid is lú saille agus siúcra? Is leor trí chlic den luchóg chun freagra na ceiste sin a fháil agus í i bhfoirm graf idirghníomhach. Tabharfaidh sin caoi duit ar thosú ar ghránaigh níos folláine a cheannach, agus, trí tháirgí brandaí éagsúla a chur i gcomparáid, d’fhéadfá fiú amháin spreagadh a thabhairt do na táirgeoirí a gcuid táirgí a fheabhsú.

In Open Food Facts tiomsaítear faisnéis ar tháirgí bia ó gach cearn den domhan, idir fhaisnéis oifigiúil agus fhaisnéis a sholáthraíonn úsáideoirí an bhunachair. Sonraí oscailte atá i sonraí uile an bhunachair; ciallaíonn sin gur féidir le duine ar bith iad a athúsáid le haghaidh úsáid ar bith.

Tá an aip, buaiteoir an dúshláin “An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia – Athúsáid sonraí agus an nuálaíocht a chothú” sa chomórtas EU Datathon 2018, tá sé ar fáil saor in aisce mar shuíomh gréasáin nó aip mhóibíleach (Android, iPhone agus Windows Phone).
Bain triail aisti agus ná bíodh aon drogall ort aon fhaisnéis a shíleann tú a bheith úsáideach a iontráil sa bhunachar. I ndeireadh na dála más fíor gur den chumhacht an fheasacht, cumhachtaíonn an fheasacht bia dúinn réim níos folláine bia a bheith againn!

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Charge
SAOR IN AISCE
Author
Open Food Facts
Data Source
an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia
Foinsí eolais éagsúla
Subject
Sábháilteacht bia
Cothú
Functionality
Comparative results
Database
Application from EU / Third party
Third party
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article