Comharthaí Rabhaidh
Is tionscadal é Tionscadal na gComharthaí Rabhaidh a chuidíonn leis an soláthar poiblí san Ungáir a dhéanamh níos trédhearcaí agus a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe sa phróisis soláthair phoiblí. Cuidíonn an uirlis idirghníomhach seo le rioscaí calaoise a bhrath ag céimeanna éagsúla den phróiseas soláthair, agus úsáidtear algartam ar leith chun doiciméid soláthair a sheiceáil ar an Tenders Electronic Daily (TED) chun fáil réidh leis na cinn a bhfuil 'riosca' ag baint leo. Tugtar rabhadh do shíntiúsóirí nuair a fhoilsítear doiciméid soláthair a bhfuil 'riosca' luaite leo. Cé
Consilium Vote
Is suíomh gréasáin é ConsiliumVote.eu ar a dtaispeántar sonraí as tacar sonraí vótála agus tacar sonraí doiciméad na Comhairle. Cruthaíodh an suíomh in aon lá amháin (rud is cúis le cuid de na lochtanna atá air) agus bhuaigh sé an comórtas Diplohack a reáchtáladh sa Bhruiséil ag deireadh Aibreán 2016. Sa rannóg CUARDACH is féidir le húsáideoirí na vótaí uile a caitheadh sa Chomhairle a bhfuil fáil orthu a scagadh de réir dáta, réimse beartais, fhoirmíocht na Comhairle, riail vótála nó eochairfhocail. Ina theannta sin, is féidir aon cheann de na vótaí sin a aimsíodh sa chuardach a roghnú ar
EU Integrity Watch
Tá EU Integrity Watch ceaptha monatóireacht a dhéanamh ar a ionraice atá na cinntí a dhéanann polaiteoirí san Aontas Eorpach. Is féidir le húsáideoirí an ardáin seo úsáid a bhaint as lena sheiceáil an bhfuil coinbhleachtaí leasa, tionchar míchuí nó éilliú féin le fáil laistigh d'institiúidí an Aontais Eorpaigh. Is as na foinsí seo a leanas a bhaintear sonraí EU Integrity Watch: suíomhanna gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh (i gcás cruinnithe stocaireachta), suíomhanna gréasáin Pharlaimint na hEorpa (i gcás dearbhuithe maidir le leasanna airgeadais) agus Clár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh (i
Parltrack
Is tionscnamh Parltrack arb é is aidhm leis feabhas a chur ar thrédhearcacht na reachtóireachta Eorpaí. Bunachar sonraí atá ann ina bhfuil faisnéis maidir le tograí beartais, Feisirí Eorpacha, torthaí vótála agus cláir oibre coistí. Má thugtar spléachadh ar Parltrack, is furasta a fheiceáil cé na Feisirí Eorpacha agus na coistí atá ag láimhseáil tograí áirithe, agus is furasta an dul chun cinn a rianú trí ríomhphost agus trí RSS. Chun tuilleadh faisnéise níos mionsonraithe a fháil, is féidir cuardach níos doimhne ná sin arís a dhéanamh, trí na tacair sonraí éagsúla a chrostagairt . Mar shampla
tendertracking
Is éard is aidhm don tairseach seo a dheimhniú go ndéantar an caiteachas poiblí a riar san Ungáir ( www.tendertracking.eu/), sa Rómáin ( www.ro.tendertracking.eu/) agus sa Pholainn ( www.pl.tendertracking.eu/) ar dhóigh atá níos cuntasaí don phobal. Déanann sí gníomhaíochtaí conarthacha a rátáil trí leas a bhaint as táscaire ilchodach ar a dtugtar an tInnéacs um Rioscaí Éillithe. NÍ THUGANN an tInnéacs eolas faoi chásanna éillithe ar leith. Is amhlaidh a tharraingíonn sé aird ar an riosca éillithe atá ann. Cuireann sé ar chumas úsáideoirí a dheimhniú cén riosca ar leith a bhaineann le cás
Córas Faisnéise an Chomhshaoil Mhuirí
Nuair a chuimhnítear air go bhfuil imeallbhord na hEorpa thart ar 185 000 km ar fad ní hionadh gur imir farraigí na hEorpa a ról mórthábhachta féin i dtaca le geografaíocht eacnamaíoch agus chultúrtha na náisiún atá in aice leo. Sa lá atá inniu ann, is í an eolaíocht is bonn leis an tuiscint atá againn ar fharraigí na hEorpa agus baintear úsáid as an eolas sin chun iad a chosaint. Cuirtear eolas ar fáil ar shuíomh gréasáin Chóras Faisnéise an Chomhshaoil Mhuirí maidir leis an gcaoi a n-oibríonn farraigí réigiúnacha na hEorpa le hathróga bitheolaíocha agus fisiciúla a ghintear le samhlacha
Vote Watch
An spéis leat súil a choinneáil ar na vótaí a chaitheann Feisirí Pharlaimint na hEorpa nó Airí Chomhairle an Aontais Eorpaigh? An mian leat súil a choinneáil ar an gcaoi a vótálann na Ballstáit? Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoin dóigh a bhfuil comhghuaillíochtaí á gcur ar bun idir páirtithe polaitiúla Eorpacha? A bhuí leis an aip seo gheobhaidh tú an t-eolas sin ar fad agus tuilleadh eolais lena chois, rud a ligfidh duit cúrsaí polaitiúla san Aontas Eorpach a thuiscint ar dhóigh níos fearr. Eagraíocht neamhrialtasach is ea VoteWatch Europe a dhéanann monatóireacht ar na vótaí a
TranquilienPDF
Application providing travel advice for public transport
d-portal.org
Cabhair, forbairt, acmhainní daonnúla: cá as a dtagann acmhainní, agus cá dtéann siad? Rianaíonn d-portal.org sreabha acmhainní agus cuidíonn sé leis na ceisteanna sin a fhreagairt. Ar an suíomh tá sonraí a fuarthas le déanaí mar aon le sonraí reatha agus sonraí a bhaineann leis an todhchaí agus cuireann sé i gcomparáid iad le sonraí ó fhoinsí éagsúla eile. Tá sé bunaithe ar shonraí a foilsíodh trí bhíthin an Tionscnaimh Trédhearcachta maidir le Cabhair Idirnáisiúnta (IATI) agus ar shonraí comhiomlánaithe a foilsíodh ar an gCóras Tuairiscithe Creidmheasaí de chuid ECFE DAC. Roghnaigh tír nó
PäästötPDF
Website providing information on pollution emissions in European countries