INTERPRETBANK — bogearra le haghaidh ateangairí | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

INTERPRETBANK — bogearra le haghaidh ateangairí

An mbíonn tú faoi strus agus tú ag déanamh réidh do thasc ateangaireachta? An gá duit gluais a chur le chéile go tapa – gluais atá éasca a athúsáid? Nó b’fhéidir go bhfuil suim agat sa chaoi ar cuireadh feabhas ar uirlisí téarmaíochta a bhuí le próiseáil teanga nádúrtha.

Beidh bogearra InterpretBank ina gcuidiú ag ateangairí gairmiúla idir ullmhú taisc agus an ateangaireacht féin.

Cuideoidh an feidhmchlár leat gluaiseanna a chruthú, a bhainistiú agus a chur de ghlanmheabhair, agus téarmaí a aisghabháil, fiú amháin agus tú i mbun na hateangaireachta. Is féidir leat rochtain a fháil ar do ghluaiseanna ar do ríomhaire féin nó ar aon ghléas móibíleach.

Cuideoidh InterpretBank leat na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • focail a chuardach go tapa agus tú i mboth an ateangaire
  • gluaiseanna a chruthú trí úsáid a bhaint as réimse leathan acmhainní téarmaíochta
  • na coincheapa is mó tábhacht a aithint
  • téarmaí a bhaint as téacsanna comhthreomhara de láimh gan dua

Príomhghnéithe eile:

  • Ceartaíonn an feidhmchlár earráidí go huathoibríoch
  • Tá sé neamhíogair ó thaobh aiceann agus cás na litreacha de
  • Íoslódálann sé reachtaíocht EUR-Lex go huathoibríoch (is d’ateangairí atá ag obair in institiúidí an Aontais Eorpaigh go príomha a ceapadh é)
  •  Tá sé comhoiriúnach don aithint cainte
  • Sábháiltear na sonraí uile ar ríomhaire an úsáideora (eagrán saor-ateangaire)
  • Bunachar sonraí comhroinnte, atá bunaithe ar fhreastalaithe, is ea é le haghaidh gnólachtaí agus institiúidí
  • leagan iomlán do Windows agus Mac.

Tá níos mó acmhainní, ar líne agus as líne, agus gnéithe nua á gcur isteach leis an uirlis i rith an ama.

Cláraigh do leagan trialach 28 lá.

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Feidhmchlár
Charge
CEADÚNAS
Author
Claudio Fantinuoli
Data Source
EUR-Lex
Foinsí eolais éagsúla
Subject
Interpreting
Teanga
Corpas
Téarmaíocht
Aistriúchán
Functionality
Database
Application from EU / Third party
Third party
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article