Ludwig: aimsigh an abairt cheart | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

Ludwig: aimsigh an abairt cheart

Cá fhad a thógann sé ort smaoineamh a chur in iúl i mBéarla dea-scríofa?
An dtéann tú ar lorg frásaí agus abairtí ar shuíomhanna meaisínaistriúcháin, ar bhlaganna agus ar fhóraim? Má théann, is mithid duit triail a bhaint as Ludwig.guru.

Inneall cliste aistriúcháin agus cuardaigh teanga atá in Ludwig. Ar úsáid teanga seachas ar rialacha gramadaí atá Ludwig dírithe.

Má chlóscríobhann tú abairt Bhéarla in Ludwig aimseoidh sé – laistigh de roinnt milleasoicindí – samplaí iontaofa oiriúnacha le cur i gcomparáid le d’abairt.
Má chuardaíonn tú téarma, aimseoidh an t-algartam samplaí úsáide de i gcomhthéacsanna éagsúla.

Ní leor sin?

Má chlóscríobhann tú abairt i dteanga seachas an Béarla, déanfaidh Ludwig aistriúchán ar an abairt sin ó sheirbhís meaisínaistriúcháin Google a chur i gcomparáid leis na milliúin d’abairtí cruinne Béarla atá stóráilte i mbunachar ollmhór an fheidhmchláir.

In 2014, thogair foireann bheag daoine, atá ar na milliúin duine sin a úsáideann Béarla ach nach cainteoirí dúchais iad, thogair siad dul i ngleic ar dhóigh úrnua leis na deacrachtaí a bhíonn acu gach lá le húsáid na teanga sin.
Dhá bhliain ina dhiaidh sin, tháinig Ludwig.guru ar an saol, agus ó shin i leith tá ag méadú ar an rath atá air in aghaidh an lae.
Agus i rith an ama tá gnéithe nua á bhforbairt do Ludwig: cuireadh feidhmeanna cuardaigh chasta leis ar dtús, ansin foclóir Béarla agus aip dheisce, agus anois tá aip mhóibíleach á fhorbairt.

Ní féidir a leithéid a bheith fíor, a deir tú? Bain triail as go bhfeice tú.

Is féidir úsáid theoranta (12 chuardach sa lá) a bhaint as Ludwig saor in aisce. Tá na hardghnéithe agus úsáid gan srian an fheidhmchláir le fáil ach síntiús neamhchostasach míosúil nó bliantúil a íoc.

 

Publication Date
Nature
Suíomh gréasáin
Feidhmchlár
Charge
SAOR IN AISCE
CEADÚNAS
Author
ludwig.guru
Data Source
Parlaimint na hEorpa
Foinsí eolais éagsúla
Subject
Teanga
Aistriúchán
Functionality
Comparative results
Database
Application from EU / Third party
Third party
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article