![](/sites/default/files/skelogo.png)
Uirlis é Sketch Engine a chuidíonn leat foghlaim faoin mbealach a n-oibríonn teangacha.
Le Sketch Engine, déantar anailís ar bhuntéacsanna (‘corpais téacsanna’) a bhfuil na billiúin focal iontu le feiceáil cé chomh minic agus a úsáidtear focail áirithe, cad iad na focail atá neamhchoitianta nó neamhghnách nó cad iad na cleachtais nua atá ag teacht chun cinn.
Áis úsáideach é Sketch Engine do theangeolaithe, foclóirithe, eagarthóirí, aistritheoirí, mic léinn, múinteoirí agus foilsitheoirí, a bhfuil 400 corpas ann atá réidh le húsáid i níos mó ná 85 theanga agus suas le 20 billiún focal i ngach ceann de na corpais.
Cuireadh an corpas téacsanna EUR-Lex le Sketch Engine in 2016. Féadfaidh tú abairtí agus paragraif ghearra a chuardach. Dá bharr sin agus de bharr na rogha leithne ábhar a chuimsítear in EUR-Lex, is acmhainn iontach é an corpas sin don duine atá ag lorg samplaí aistriúcháin i dteangacha éagsúla.
Ar chlárú duit, tabharfar rochtain saor in aisce ar bhonn trialach duit go ceann 30 lá. Tabharfaidh sé sin rochtain saor in aisce duit ar ghnéithe uile Sketch Engine, lena n-áiritear teasáras agus liostaí eochairfhocal.