EFSA to the people | data.europa.eu
Skip to main content
European data
data.europa.eu
An tairseach oifigiúil um shonraí Eorpacha

EFSA to the people

Tá bia riachtanach don saol. Agus tá sábháilteacht bia ríthábhachtach dár sláinte.

An cuimhin leat géarchéim ghalar na bó buile (einceifileapaite spúinseach bhólachta - ESB) sa Ríocht Aontaithe nó géarchéim na dé-ocsaine sa Bheilg? Sna 1990í, tharla sraith géarchéimeanna bia a nocht go raibh easnaimh mhóra sa chóras táirgthe agus dáileacháin bia, agus baineadh an bonn de mhuinín tomhaltóirí dá bharr.  Mar thoradh air sin, bunaíodh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA). Is ar éigean go bhfuil 20 bliain imithe ón tréimhse sin ach tá tomhaltóirí na hEorpa anois ar na tomhaltóirí is mó cosaint agus eolas ar domhan ó thaobh rioscaí sa slabhra bia de.

Is gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh é EFSA. Cuireann sé comhairle eolaíoch ardchaighdeáin neamhchlaonta ar fáil do lucht ceaptha beartas faoi rioscaí a bhaineann le bia, agus, ar an gcaoi sin, cabhraíonn sé chun tomhaltóirí na hEorpa a chosaint. Ag an am céanna, feidhmíonn sé chun an bhearna idir an eolaíocht agus an tomhaltóir a dhúnadh tríd an bpobal a chur ar an eolas go pras faoi rioscaí a bhaineann leis an mbiashlabhra, idir rioscaí atá ann cheana agus iad sin atá ag teacht chun cinn.

In 2016 d’fhógair EFSA duais nuálaíochta agus eagraíodh comórtas haiceatóin a bhí dírithe ar fhorbróirí agus dearthóirí as gach cearn den Eoraip chun na buaiteoirí a roghnú. Ba é an dúshlán a bhí rompu aip a chruthú lena bhféadfaí teacht go héasca ar obair EFSA.

Ba í an aip “EPSA to the people” a tháinig sa chéad áit sa chomórtas. Leis an aip sin, atá ar fáil ar d’fhón póca, is féidir leat:

  • cuardach a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EFSA agus teacht ar eolas
  • an bia is déanaí atá ceannaithe agat a sheiceáil tríd an mbarrachód a scanadh
  • an nuacht is déanaí a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin EFSA a léamh.

Is i mBéarla atá an feidhmchlár.

Publication Date
Nature
Feidhmchlár
Charge
SAOR IN AISCE
Author
an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia
Data Source
an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia
Subject
Sábháilteacht bia
Cothú
Functionality
Data visualisation
Application from EU / Third party
EU
Language
Gaeilge (ga)

Text of this article